Cad is MeithealWiki ann?
Cláraigh anois agus freastail chun tús a chur leis do thuras leis an nGluaiseacht Eolais Oscailte!
Is tionscadal é MeithealWiki a spreagann daoine chun oibriú ar Vicipéid - agus / nó ar ardáin Wikimedia eile - trí Ghaeilge. Cuirtear béim ar an gcultúr comhoibrithe (meitheal) chun ábhar nua a scríobh, eolas a chur leis, agus bearnaí a líonadh.
Tá sé dírithe ar phobal dearfach, oscailte, agus bríomhar a chruthú trí Ghaeilge.